FÁILTE
go leathanach baile Shéamais Uí Bhrógáin.
Blúirí fánacha atá anseo a chuir mé le chéile i rith na mblianta. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh astu—agus, dar ndóigh, go seolfaidh tú ceartuithe agus tuairimí chugam. Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath
Tionscadal é seo chun liosta iomlán d’ainmneacha sráide Bhaile Átha Cliath i nGaeilge a chur ar fáil.
Ainmneacha Gaelacha
Liosta réasúnta cuimsitheach d’ainmneacha traidisiúnta i litriú caighdeánach atá anseo, mar aon le beagán eolais bhreise.
Gadelica
Cló Gaelach is ea Gadelica a bunaíodh ar na chéad chlónna Gaelacha ón seachtú haois déag. Is féidir leat sampla a fheiceáil anseo agus an cló a íos­lódáil (saor in aisce), mar aon le roinnt clónna eile.
Ceartúchán profaí
Cur síos gearr ar na comharthaí ceartúchán profaí a úsáidtear i gceirdeanna na clódóireachta agus na foilsitheoireachta, mar aon le duilleachán achoimre (i bhformáid PDF) a léiríonn na comharthaí is coitianta.
Leabhar: Foclóir eagarthóireachta
Foilsíodh A Dictionary of Editing sa bhliain 2015. Tá sé le fáil ón bhfoilsitheoir, Claritas (Baile Átha Cliath).
Leabhar: Cruit na hÉireann
D’fhoilsigh Wolfhound Press, Baile Átha Cliath, The Irish Harp Emblem sa bhliain 1998. Tá sé as cló le fada.

Séamas Ó Brógáin
Baile an Diosualaigh
Co. Bhaile Átha Cliath

Ríomhphost: sob@iol.ie


Déanta le GNU/Linux          Déanta le hionchódú Unicode          HTML5