AINMNEACHA GAELACHA

Liosta réasúnta cuimsitheach d’ainmneacha traidisiúnta atá in úsáid choiteann inniu, i litriú caighdeánaithe, atá anseo. Tá na hainmneacha roinnte ina dhá ngrúpa: (1) ainmneacha de bhunús Gaelach agus (2) ainmneacha a tháinig chugainn ó theangacha eile.
Tugtar an tuiseal ginideach i ndiaidh an ainm, idir lúibíní (tuigtear go séimhítear ainm dílis sa tuiseal ginideach de ghnáth freisin); aon áit nach luaitear ginideach ar leith is ionann foirm an ghinidigh agus foirm an ainmnigh. Tugtar nóta faoi fhuaimniú an ainm freisin nuair is gá.
Úsáidtear an nodaireacht seo a leanas sna liostaí:

ní hionann agus
/ / fuaimniú
< a fréamhaíodh ó
⟨ ⟩ litir ar leith

Ainmneacha de bhunús Gaelach

Ainmneacha fear

BunúsAinm ceanaFuaimniú
Ailbhe [ainm ban freisin]ailbe (sceach gheal), b’fhéidir Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /ailibhe/.
Aodh (Aodha)aedh (tine)Aodhán (Aodháin); Aoidín; Hiúdaí
Aonghas (Aonghasa)oen (aon) + gus (láidreacht), b’fhéidir
Art (Airt)art (béar, .i. trodaí)
Bran (Brain)bran (fiach dubh)
Brian (Briain)Briún Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /brí·an/.
Caoimhíncaomh (dathúil) + gin (breith)
Cathal (Cathail)cath + gal (laoch, laochta)
Cian (Céin)cian (sean, buan) Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /cí·an/.
Ciarán (Ciaráin)ciar + –án (duine beag dorcha) Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /cí·ar·án/.
Cillíncill, b’fhéidir
Conall (Conaill) con-ghal (chomh láidir le faolchú)Condaí
Conchúr (Conchúir)con (faolchú) + ? Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /conachúr/. Tá dhá fhuaimniú eile ann, go háirithe i gCúige Mumhan: /cnochúr/ agus /crochúr/.
Conn (Coinn)conn (taoiseach)
Cormac (Cormaic)Corbmac (? + mac) Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /coramac/.
Dáiredáire (torthúil?)
Dáithí
dáibhí
Dáthí < Náthí (agus an bhéim ar an dara siolla)
Deaglán (Deagláin)Deaclán
Diarmaid (Diarmada)Díarmait < (gan) + format (formad)Dairbí
Dónall (Dónaill)Domhnall < domhan + gal (laoch, laochta), b’fhéidir
Donnchadonn (taoiseach) + cath, b’fhéidir Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /donnacha/.
Éanna?
Eoghan (Eoghain)
eoin
eo (iúr) + ginte Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /eó·an/.
Fachtnafachtna (naimhdeas)
Fearghal▶Féach “Ainmneacha ar leith” thíos
Fearghas▶Féach “Ainmneacha ar leith” thíos
Féilimí, FéilimFeidhlimidh < feidhil (seasmhacht), b‘fhéidir
Fiach (Fiaigh)fiach (fiach dubh) Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /fí·ach/.
Fiachaleagan ceana de Fiachra, b’fhéidir Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /fí·ach·a/.
Fiachra Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /fí·ach·ra/.
Fionnbharr (Fionnbhairr)fionn + barrBarra
Flann (Flainn)flann (rua)
Iarlaith (Iarlatha)Íarlaithe Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /í·ar·la/.
Lorcán (Lorcáin)lorc (garg), b’fhéidir
Macdaramac na darach
Maoileachlainnmaol (móidín) + Seachnaill
Niall (Néill) NéillínTabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /ní·all/.
Oisínoisín (fia óg)
Oscar (Oscair)oscar (strainséir), b’fhéidir
Rónán (Rónáin)rónán (rón beag)
Ruairí Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /rú·a·rí/.
Ruán (Ruáin)fear rua
Seanán (Seanáin)duine sean
Tadhg (Taidhg)tadhg (file), b’fhéidirTaidhgín
Toirealach (Toirealaigh)
Tá foirm ar leith den ainm seo, Traolach (Traolaigh), i gCúige Mumhan; tá an fhoirm Tarlach (Tarlaigh) ann freisin.
tairdhealbhach (tionscnóir)
Ultán (Ultáin)Ultán (Ultach)

Ainmneacha ban

BunúsAinm ceanaFuaimniú
Ailbhe [ainm fear freisin]ailbe (sceach gheal), b’fhéidirTabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /ailibhe/.
Áine
anna
áine (gile nó breáthacht)
Aislingaisling (taibhreamh)
Aoibhinn (Aoibhne)oíbhinn (álainn, mómhar)
Aoifeoíbhe, aífe (áille, mómhaireacht)
Béibhinn (Béibhinne) (bean, maighdean) + fionn
Bláthnaid (Bláthnaide)bláthnait (bláth beag, nó easóg)
Bríd (Bríde)Brighid < Brigit (dia Ceilteach)Brídín, Bidín
Caoimhecaoimhe (dathúlacht)
ClíonaClídhna (duine de Thuatha Dé Danann)Tabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm seo (comhartha is ea an ⟨o⟩ gur /n/ leathan atá ann): /clí·na/.
Dáiríne< Dáire, b’fhéidir
DamhnaitDamhnat (eilit bheag)
Dearbháil (Dearbháile)Derbáil < der (iníon) + Fáil (Éirinn), b’fhéidirTabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /dearabháil/.
DeirbhileDerbhile < der (iníon) + file, b’fhéidir Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /deiribhile/.
Deirdre▶Féach “Ainm­neacha ar leith” thíos
Doireann (Doirinne)
Éadaoin (Éadaoine)Étaín
Éimhear (Éimhire)▶Féach “Ainmneacha ar leith” thíos
Eithne
FionnualaFinnghuala < finn + ghualaNuala, Nualaitín, NualaidínTabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /fionn·ú·a·la/.
Gobnait (Gobnait, Gobnatan)Gobnat < Gobán (ainm fear)
Gormlaith (Gormlatha)Gormfhlaith < gorm (dorcha, nó taibhseach) + flaith (rialtóir)Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /goramla/.
Gráinne
ÍdeÍte
LasairíonaLasairfhíona < lasair + fíonTabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm seo (comhartha is ea an ⟨o⟩ gur /n/ leathan atá ann): /las·air·í·na/.
Méabh (Méibhe)Medhbh < medhbh (meisciúil?) Méibhín
Muireann (Muirinne)?
Neasa▶Féach “Ainmneacha ar leith” thíos
Niamh (Néimhe)niamh (gile)Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /ní·amh/.
Órlaith (Órlatha)Órfhlaith < ór + flaith (rialtóir)
Ríonach (Ríonaí)Ríghnach < ríghnach (ríonaí)Tabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm seo (comhartha is ea an ⟨o⟩ gur /n/ leathan atá ann: /rí·nach/).
Sadhbh (Saidhbhe) SaidhbhínIs mar /sabh/ nó mar /sábh/ a fhuaimnítear an t-ainm seo i gceantair éagsúla.
Sorchasorcha (solas, gile)Tabhair faoi deara an guta cúnta san ainm seo: /soracha/.
Úna

Ainmneacha ó theangacha eile

Ainmneacha fear

BunúsAinm ceanaFuaimniú
Aindréas (Aindréis), Aindrias (Aindriasa), AindriúAndreios [Gréigis]
Alastar (Alastair)Alexandros [Gréigis]
AmhlaoibhÓláfr [Lochlainnis]
AnraíHenri [Fraincis Normannach]
AntaineAnthony [Béarla]
Beartla, BeairtleParthalán < Bartholomaeus [Laidin]
Breandán (Breandáin)Brendanus [Laidin] < Bréanann [Sean-Ghaeilge]
Cionaodh (Cionaoidh)ón gCruithnis, b’fhéidir
CóilínCol [Fraincis Normannach] < Nicol, Nicholas
Colm (Coilm)Columba / Columbanus [Laidin]Colmán (Colmáin)Tabhair faoi deara an guta cúnta sna hainmneacha seo: /colam/, /colamán/.
Críostóir (Críostóra)Christopher [Béarla] < Christophoros [Gréigis]
Dáibhí, Dáiví
dáithí
David [Béarla] < Dawid [Eabhrais]
Deasún (Deasúin)Desmond [Béarla] < Desmond (logainm) < Deas-Mhumhan
Éamann (Éamainn)Edmund [Béarla]
Eoin
eoghan
< Iohannes [Laidin] < Iōannēs [Gréigis] < Yoḥanan [Eabhrais]EoinínTabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /eó·in/.
Gearard (Gearaird)Gérard [Fraincis Normannach]
Gearóid, Gearalt (Gearailt)Géraud / Girault [Fraincis Normannach]
Greagóir (Greagóra)Gregory [Béarla] < Gregorius [Laidin]
Labhrás (Labhráis)Laurence [Fraincis Normannach] < Laurentius [Laidin]
LiamUilliam < William [Béarla] < Guillaume [Fraincis Normannach] < Wilhelm [Gearmáinis] Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /lí·am/.
Maghnas (Maghnais)Magnús [Lochlainnis] < Magnus Laidin
MáirtínMartin [Fraincis Normannach] < Martinus [Laidin]
Maitiú, Maitias (Maitiais)Mathaios [Gréigis] < Mattath-Yah [Eabhrais]
Mícheál, Míchéal (Michíl, Mícheáil)Michael [Béarla] < Mika’el [Eabhrais]Micilín; Maidhc
MuirisMaurice [Fraincis Normannach] < Mauritius [Laidin]Mósaí
Nioclás (Niocláis)Nicholas [Fraincis Normannach] < Gearmáinis
NollaigNotlaic < Natalicia [Laidin]
Pádraic, PádraigPatricius [Laidin]Pádraigín, Páid, Páidín, Peaits
Peadar (Peadair)Peter [Béarla] < Petrus [Laidin] < Petros [Gréigis]
Piaras (Piarais)Piers [Fraincis Normannach] < Petrus [Laidin] < Petros [Gréigis]Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /pí·a·ras/.
PilibPhilippe [Fraincis Normannach] < Philippus [Laidin] < Philippos [Gréigis]
Pól (Póil)Paul [Béarla] < Paulus [Laidin]
ProinsiasFrancis [Béarla] < François [Fraincis]Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /proin·sí·as/.
Raghnall (Raghnaill)Ragnvaldr [Lochlainnis]
Réamann (Réamainn)Raymond [Fraincis Normannach] < Raimund [Gearmáinis]
Riocard (Riocaird), Risteard (Risteaird)Richard [Béarla] < Ricohard [Gearmáinis]
Roibeard (Roibeaird)Robert [Béarla] < Rupprecht [Gearmáinis]
Séafra, Seathrún (Seathrúin)Geoffroy [Fraincis Normannach]
Séamas (Séamais)James [Béarla] < Iacomus < Iacobus [Laidin] < Iakōbos [Gréigis] < Ya‘aḳov [Eabhrais]Séamaisín, Séimín, Séimí
Seán (Seáin)Jehan [Fraincis Normannach] < Iohannes [Laidin] < Iōannēs [Gréigis] < Yoḥanan [Eabhrais]Seáinín
SeoirseGeorge [Béarla] < Georges [Fraincis] < Georgius [Laidin] < Geōrgios [Gréigis]
Seosamh (Seosaimh)Joseph [Béarla] < Iosephus [Laidin] < Yosef [Eabhrais]Seos
Stiofán (Stiofáin)
Bhí foirm eile den ainm seo, Stiabhna /stiana/, coitianta tráth, go háirithe i gCúige Mumhan.
Stéphane [Fraincis Normannach] < Stephanus [Laidin] < Stephanos [Gréigis]
Tomás (Tomáis)Thomas [Béarla] < Thōmas [Gréigis] < Ta’wma’ [Aramais]
Uinseann (Uinsinn)Vincent [Béarla] < Vincentius [Laidin]

Ainmneacha ban

BunúsAinm ceanaFuaimniú
Aifric (Aifrice)Africa [Laidin]
Anna
áine
Anna [Laidin] < Gréigis < Ḥannah [Eabhrais]Nan, Neans, Neansóg
AnnáblaAnnabelle [Fraincis]Nábla
BairbreBarbara [Béarla] < Gearmáinis < Laidin
Caitlín, CaitríonaCateline, Caterine [Fraincis Normannach] < Aikaterinē [Gréigis]CáitTabhair faoi deara nach bhfuil défhoghar san ainm Caitríona (comhartha is ea an ⟨o⟩ gur /n/ leathan atá ann): /cait·rí·na/.
ClárClare, Clara [Béarla] < Clara [Laidin]
EibhlínÉveline [Fraincis Normannach] < Ève < Ḥavah [Eabhrais] Tá trí fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /eibhilín/ (an bhun­fhoirm), /eidhlín/, agus /éilín/.
Éilís (Éilíse)Élise [Fraincis Normannach] < Élisabeth < Elisabet [Gréigis] < Elisheva‘ [Eabhrais] Tá dhá fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /éilís/ (an bhun­fhoirm) agus /eidhlís/.
MáireMary [Béarla] < Maria [Laidin] < Mariam, Maria [Gréigis] < Mireyam [Eabhrais]Máirín
MaighréadMargaret [Béarla] < Margarita [Laidin] < Margaritēs [Gréigis]Peig, Peige, Peigín; MeaigTá dhá fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /máiréad/ agus /muiréad/; oireann an litriú seo don dá fhuaimniú.
NollaigNotlaic < Natalicia [Laidin]
NóraHonora [Laidin]Nóirín
ProinsiasFrances [Béarla] < Françoise [Fraincis] Tabhair faoi deara an défhoghar san ainm seo: /proin·sí·as/.
Róis (Róise)Rose [Béarla] < Rosa [Laidin]Róisín
SeosaimhínJosephine [Béarla] < Joséphine [Fraincis]
SíleCécile [Fraincis Normannach] < Caecilia [Laidin]Sílín
SinéadJeanette [Fraincis Normannach]
SiobhánJehanne [Fraincis Normannach] Tá dhá fhuaimniú éagsúla ag an ainm seo: /siúán/ (an bhun­fhoirm) agus /siobhán/.
TreasaTeresa [Béarla]

Ainmneacha ar leith

1. Tá foirm ar leith sa Ghaeilge ag ainmneacha áirithe a bhaineann le naoimh agus le pearsana sa Bhíobla, mar seo a leanas:

GnáthainmAinm naoimh
Aindrias / AindriúAindrias
BreandánBréanann (Bréanainn)
MáireMuire
Máirtín / MártanMártan (Mártain)
Maitiú / MaitiasMatha
SéamasSéamas / Séam
Seán / EoinEoin
SeosamhIósaf

Úsáidtear an t-ainm sa dara colún in ainmneacha institiúidí, sráideanna srl. a tiomnaíodh do dhuine den ainm sin, m.sh. Coláiste Iósaif, Sráid Mhuire.

2. Chuaigh na sean­ainmneacha Gaelacha i léig toisc ghalldú na tíre agus toisc bheartas na hEaglaise gan ainm a bhaisteadh ar pháiste ach ainm as féilire na naomh. Rinneadh iad a ath­bheochan mar ghné den ath­bheochan liteartha agus náisiúnta ag deireadh an naoú haois déag, ach tugadh litriú Meán-Ghaeilge dóibh mar aon le fuaimniú Béarla den fhoirm sin (Enda, Brigid, srl.). “Ath-Ghaelaíodh” iad den chuid is mó ina dhiaidh sin, agus is i bhfoirm a réitíonn leis an Nua-Ghaeilge—nó san fhoirm sin mar aon leis an bhfoirm eile—atá siad in úsáid inniu. Ach tá dornán ainmneacha ann nár ath­chruthaíodh sa chaoi sin agus atá fágtha anois ar crochadh idir dhá shaol, go háirithe na hainmneacha seo a leanas:

Litriú coiteann Litriú caighdeánaitheFuaimniú Nua-Ghaeilge
Deirdre¹Deirdre/deiridre/
(Tabhair faoi deara an guta cúnta)
Emer²Éimhear (Éimhire)
FergalFearghal (Fearghail)/fearaíol/
FergusFearghas (Fearghais) /fearaíos/
Nessa³Neas, Neasa
  1. Ainm ón tseanlitríocht a thosaigh daoine a úsáid i dtús an fhichiú haois. Cé nach gá aon athrú sa litriú, níor glacadh riamh le fuaimniú Gaeilge den ainm seo. Ó am go chéile déantar ⟨e⟩ fada den chéad siolla (“Déirdre”), nós nach bhfuil aon bhunús leis.
  2. Tá dhá ath-Ghaelú mí­chearta déanta ar an ainm seo le déanaí: “Eimhear” agus “Éimear.”
  3. Bunaíodh ath­bheochan an ainm seo ar thagairtí sa tsean­litríocht do Chonchúr mac Neasa. Níor thuig lucht a ath­bheochana, áfach, gurb é atá san fhoirm Neasa ansin tuiseal ginideach an bhun­ainm, Neas (Nes sa tSean-Ghaeilge). Ach tá glactha le Neasa mar ainm Gaelach anois.

3. San fhichiú haois cumadh ainmneacha nua baineanna trí athrú a dhéanamh ar ainmneacha fireanna. Cuireadh tús leis an nós seo sa naoú haois déag le “Fiona” agus ansin le “Patricia” (ach b’fhéidir gur iasacht ón Spáinnis nó ón bPortaingéilis é an t-ainm sin). Is cosúil gur cheap daoine go gciallaíonn ⟨a⟩ ag deireadh ainm gur ainm baineann é, rud atá fíor maidir le hainmneacha de bhunús Laidineach ach atá go hiomlán mí­cheart maidir leis an nGaeilge.
Ní léir cén fáth ar leanadh leis an nós seo san fhichiú haois: ní hé nach bhfuil neart ainmneacha cailíní ann cheana.

Ainmneacha Béarla Ainmneacha Gaeilge
An litir ⟨a⟩ curtha
le deireadh an ainm
Fiona¹ < Fionn
Patricia < Patrick
Shauna < Seán
Seána, Seona < Seán
Consan deiridh bainte
chun críoch le ⟨a⟩ a chruthú
Brenda < BrendanCiara² < Ciarán
  1. Ní dócha gurb ionann seo agus an sean­ainm Gaelach Fíona.
  2. Bhí Ciar ann tráth mar ainm mná.

TUILLEADH EOLAIS



Ceartuithe agus moltaí chuig sob@iol.ie