Clónna

Tá roinnt clónna éagsúla le fáil mar íoslódáil (saor in aisce) ón leathanach seo. Clónna Opentype is ea iad.
    Clara

Clara
Sraith clónna is ea Clara a cruthaíodh d’aon ghnó i gcomhair chló­bhualadh A Dictionary of Editing (2015). Cuimsíonn an tsraith cló iodálach, cló trom, cló trom iodálach, ceann­litreacha beaga, aibítir Ghréagach, aibítir Choireallach, ogham, réimsí foghraíochta agus matamaitice, noda, agus sain­charachtair eile. Cuimsíonn na clónna freisin roinnt gnéithe leagan amach Open­type (ina measc ionadú nasc­litreacha, ceann­litreacha beaga, agus uimhreacha sean-nóis), chomh maith le roinnt foirmeacha malartacha i gcomhair teangacha ar leith.

    Florea

               Florea
Is é Florea an t-ainm a thug mé ar chló ina bhfuil atarraingt de dhá chiumhais thraidisiúnta chlóghrafacha ón séú haois déag. Sa chló seo freisin tá roinnt maisiúcháin bhreise. Is féidir na haonaid a chur le chéile ar bhealaí éagsúla, mar is léir sna samplaí thuas.

    Gadelica
Cló Gaelach is ea Gadelica a bunaíodh ar na chéad chlónna Gaelacha ón seachtú haois déag.

    Germanica
Cló dubh (textura quadrata) is ea Germanica a bunaíodh go príomha ar chló a d’úsáid Fust agus Schöffer, beirt de na chéad chlódóirí Gearmánacha, sa bhliain 1457.

    Valida
Cló is ea Valida lena gcruthaítear barrachóid i gcomhair leabharuimhreacha caighdeánacha idirnáisiúnta (ISBN). Úsáidtear é in éineacht le háireamhán i bhfoirm scarbhileog Libreoffice, a dhéanann an t-áireamh agus a chruthaíonn íomhá barrachóid. San íoslódáil tá an cló Opentype, an scarbhileog, agus nótaí cuimsitheacha.