Easainmneacha

Is é is easainm ann aon fhoirm de log­ainm a úsáidtear i dteanga ar leith nach ionann í agus an fhoirm dhúchais, mar shampla i mBéarla Rome [Roma], Moscow [Moskva]; sa Fhraincis Londres [London]; srl.
     Le roinnt mhaith blianta tá claonadh ann le héirí as úsáid eas­ainmneacha de réir a chéile agus na hainmneacha dúchais a úsáid ina n-áit.* Tá go leor athruithe feicthe againn cheana: Livorno in ionad Leghorn, Beijing in ionad Peking, srl. Dar ndóigh, próiseas mall is ea é, agus de ghnáth feictear na hathruithe i gcomh­théacsanna foirmiúla ar dtús, mar shampla ar léarscáileanna.
     Le haghaidh an tionscadail seo is eas­ainm í aon fhoirm de log­ainm a úsáideann cainteoirí nó scríbhneoirí Gaeilge i gcoitinne nach ionann í agus foirm an log­ainm sin i dteanga dhúchais na tíre (pé acu teanga thromlaigh nó teanga mhionlaigh í an teanga dhúchais).

*Agus Comhdhálacha na Náisiún Aontaithe um Chaighdeánú Log­ainmneacha ag moladh go tréan éirí as úsáid eas­ainmneacha oiread agus is féidir, agus go háirithe gan aon cheann nua a chumadh, tá eas­ainmneacha nua á gcumadh ag an gCoiste Téarmaíochta (leithéid “Táidsíceastáin”), fiú amháin i gcomhair áiteanna ina n-úsáidtear an aibítir Rómhánach (leithéid “Hanáí”). Is minic nach bhfuil sna heas­ainmneacha seo ach tras­litriú den eas­ainm Béarla (leithéid “Timbeactú”Tumbutu i ndáiríre); is minic freisin a bhunaítear iad ar mhí­fhuaimniú (leithéid “Bílearúis” i gcomhair Belarus /byĕlarūs/).