00

Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath

Séamas Ó Brógáin


      

TÁ patrúin éagsúla d’ainm­chláir shráide le feiceáil i mBaile Átha Cliath, gach patrún acu níos gránna ná an ceann a chuaigh roimhe. Tá ainm­chláir uaine agus ainm­chláir ghorma ann, an cló Gaelach ar chuid acu agus an cló Rómhánach ar an gcuid eile. Tá beartas ann le fada na hainmneacha a bheith go hiomlán i gceann­litreacha (atá i bhfad níos deacra a léamh) agus ansin an t-ainm Gaeilge a bheith i litreacha cúngaithe, sa chaoi go bhfuiltear ábalta a mhaíomh gur ar cóimhéid atá an dá ainm, cé go bhfuil litreacha an ainm Ghaeilge níos lú i ndáiríre, agus níos éadroime. (Níos measa fós is ea nós atá le feiceáil i roinnt de na hainm­chláir seo, is é sin litreacha cúngaithe in éineacht le tús­litreacha den ghnáth­mhéid; ba dheacair smaoineamh ar nós níos gránna.)

I gceantar áirithe tá ainm­chláir a bhfuil painéal breise orthu agus Temple Bar air (i mBéarla amháin); i gceantar eile tá an focal Docklands curtha leis na hainmneacha. I gceantar Shráid San Tomás tá ainm­chláir nua a chuir cuideachta phríobháideach suas, de réir cosúlachta, agus scéim dathanna na cuideachta sin—​dubh agus órdhath—​orthu.

Ar na hainmchláir seo tá ainmneacha Gaeilge atá ceart, mí­cheart, nó níos measa ná mí­cheart. (Tá neart droch­shamplaí le feiceáil ar shuíomh Phóil Uí Dhuibhir.) Tá sráideanna ann a bhfuil dhá ainm Ghaeilge orthu ar ainm­chláir éagsúla (agus na hainmneacha éagsúla sin os comhair a chéile nó in aice a chéile uaireanta); tá sráideanna ann a bhfuil ainm­chláir orthu gan aon ainm Gaeilge; tá neart sráideanna ann nach bhfuil ainm­chlár ar bith orthu (go háirithe sráideanna nua mar a bhfuil ceap oifigí ag an gcúinne: is cosúil go bhfuil leisce ar an gcomhairle cathrach ainmchlár a chur suas ar mhaoin phríobháideach—nó leisce ar na húinéirí cead a thabhairt di).

Ina leabhar Post-Sheanchas: I n-a bhfuil Cúigí, Dúithchí, Conntaethe & Bailte Puist na h-Éireann (Baile Átha Cliath: Connradh na Gaedhilge, 1905) mhol Seosamh Laoide agus a chomh­ghleacaithe ainmneacha a bhunaigh siad ar fhoinsí éagsúla ach ina measc ainmneacha nach bhfuil aon bhunús staire leo. I dtaca le hainmneacha sráide “ní dhearnamar acht iad so chur i nGaedhilg ar chuma éigin. Níor fhéadamar a atharrach do dhéanamh, agus gan tásc ná tuairisc againn ar urmhór na mball mbeag so ó’n sean-aimsir.” Ba é Laoide a mhol na chéad ainmneacha Gaeilge a cuireadh suas ar na hainm­chláir; mhair na hainmneacha sin ar feadh na mblianta, agus maireann cuid acu fós ar na sean-ainmchláir.

Ó thús an fhichiú haois dhéanadh iarrachtaí ó am go chéile ar shráideanna a ath­ainmniú in onóir pearsana Éireannacha agus go háirithe ar na hainmneacha is Gallda a chur ar ceal. Níor éirigh ach le fíor­bheagán de na hiarrachtaí sin.



Comharthaí sráide a bhféadfadh muintir na cathrach a bheith bródúil astu

An liosta seo

Cuireadh tús leis an tionscadal seo sa bhliain 1999 toisc nach raibh aon liosta eile ann. Bhí sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath liosta oifigiúil a thiomsú agus a fhoilsiú, ach ní raibh a dhath le fáil. (Ba sa bhliain 1909 a ghlac an chomhairle cathrach den chéad uair leis an rún sin, ach níor cuireadh i bhfeidhm é ar feadh cúig bliana is nócha.) Bhí roinnt ainmneacha bailithe agus fíoraithe agamsa cheana; agus nuair a insíodh dom den tríú huair i dtréimhse fiche bliain nach mbeadh liosta oifigiúil le fáil go fóill, bheartaigh mé ar an liosta seo agamsa a chomh­lánú agus é a fhoilsiú ar an suíomh seo. Ansin sa bhliain 2004, agus an liosta seo chóir a bheith críochnaithe, d’fhoilsigh an chomhairle cathrach a liosta oifigiúil.

Sráidainmneacha Bhaile Átha Cliath / Dublin City Streetnames [sic]: English–Irish, Gaeilge–Béarla is teideal don leabhrán oifigiúil. (Go dtí le déanaí bhí nasc leis an téacs i leathanach gréasáin na comhairle cathrach, ach níl sé ann anois.) Faraor, tá an liosta sin breac le botúin, idir Bhéarla agus Ghaeilge—​míthuiscint, mí-aistriú, agus mí­litriú. Glactar fós leis an mbréag-Ghaelú (leithéidí “Ardán Shiobhán” ar Susan Terrace, “Plás Liam Mhic Fheorais” ar Willie Bermingham Place), beartas a threisíonn an tuairim choitianta gur códú den Bhéarla atá sa Ghaeilge, seachas teanga ar leith.

Ní liosta iomlán é ach an oiread: tá níos mó ná ceithre chéad ainm in easnamh. (Measaim go bhfuil 4,238 sráid agus cosán a bhfuil ainm ar leith acu i limistéar na cathrach; 3,781 atá sa liosta oifigiúil.) Dar ndóigh, ní fhéadtar cáipéis chlóbhuailte a choinneáil suas le dáta, i gcontrárthacht le faisnéis ar líne. (Is cosúil go bhfuil eagrán nua den leabhrán á ullmhú faoi láthair.) Ar na cúiseanna sin feictear dom gur chóir dom an liosta seo a choinneáil mar acmhainn do phobal na Gaeilge agus é a fheabhsú de réir a chéile, cé nach bhfuil aon stádas oifigiúil aige.

Ní léir cén chaoi is fearr plé le haicmí áirithe ainmneacha. An “sráid” í sraith tithe ar cuid í de shráid eile ach a bhfuil ainm ar leith uirthi? Ós rud é go n-úsáidtear na hainmneacha sin mar sheoltaí, agus scéim uimhrithe ar leith ann de ghnáth, feictear dom nach foláir dom iad a chur san áireamh.

Maidir le stuaraí agus le “margaí,” le sráideanna príobháideacha, agus le bóithre laistigh d’eastáit tionsclaíocha, ní léir uaireanta cén ceann de na haicmí sin lena mbaineann sráid ar leith. Dealraíonn sé nach bhfuil beartas oifigiúil ann: níl Stuara Grafton ná Lána Bloom sa liosta oifigiúil ach tá Margaí Dheisceart na Cathrach ann, mar aon le roinnt mhaith bóithre laistigh d’eastáit tionsclaíocha. Toisc nach raibh mé ábalta a dhearbhú cé na sráideanna ar leis an gcomhairle cathrach iad, is é an beartas a chuirim i bhfeidhm anseo ná aitheantas a thabhairt do na háiteanna sin a bhfuil ainm orthu agus a bhfuil cead isteach ag an bpobal iontu (de réir m’fhianaise féin).

Na hainmneacha Gaeilge

1. Tá dornán sráideanna ann a raibh ainm Gaeilge orthu atá níos sine ná an t-ainm Béarla (ar feadh ár n-eolais), mar shampla Sráid Loch Buí (Bow Street), Sráid Ghiolla Mocholmóg (St Michael’s Close). San aicme chéanna tá na hainmneacha sin ar féidir linn “aistriú stairiúil” a thabhairt orthu, is é sin aistriú a rinne pobal na Gaeilge roimh ré na hath­bheochana, mar shampla Sráid an Fhíona mar aistriú ar Winetavern Street.

2. Grúpa beag eile a bhfuil an t-údarás céanna leo i mo thuairimse is ea na hainmneacha sin ar aistriú iad den ainm Béarla is sine, atá ar na hainm­chláir (nó a bhí go dtí le déanaí), agus a bhfuil taithí ag an bpobal orthu, mar shampla Sráid Thobar Phádraig (Nassau Street), Port Chaoimhín (Camden Street, Lower), Sráid Chnoc na Lobhar (Townsend Street). Ní hionann na hainmneacha sin agus na hainmneacha bréag-Ghaeilge atá le feiceáil ar na sean-ainmchláir a chuireann i gcéill gur ainm Gaeilge a bhí ann ar dtús agus gur truailliú den ainm sin é an t-ainm Béarla, leithéidí “Plás Dhún Sméara” (Plás Beresford), “Sráid Maoilbhríde” (Sráid Marlborough).

3. I ngach cás eile rinne mé iarracht ar aistriú cruinn den ainm Béarla a sholáthar. Sa tríú colún den liosta tá nótaí a chuireann stair nó brí an ainm Bhéarla in iúl nuair is gá nó a mhíníonn an fáth ar roghnaigh mé leagan áirithe Gaeilge.

Foirm na n-ainmneacha

Maidir le téarmaíocht agus le pointí áirithe stíle cloím den chuid is mó le moltaí an Choimisiún Log­ainmneacha, a foilsíodh i gcomhar leis na húdaráis áitiúla in Na Leaganacha Gaeilge d’Ainmneacha Sráideanna, Bóithre agus Eastát: Treoir­línte (Baile Átha Cliath: Coimisiún Log­ainmneacha, 1992), cé nach ar aon luach atá moltaí uile an leabhráin sin. (1) Dé réir an bheartais “go mbeadh leagan amháin Gaeilge ag freagairt do leagan amháin Béarla, chomh fada agus ab fhéidir,” déantar idir­dheighilt amhrasach idir roinnt de na téarmaí aicmeacha: idir flats (árasáin) agus apart­ments (leithlanna), idir mead (móinéar) agus meadow (cluain), idir copse (rosán) agus spinney (roschoill). (2) Is aisteach an moladh “ceapach” (.i. plota talún ina gcuirtear plandaí) a úsáid i gcomhair glade (spás nó plásóg i gcoill); ar an dea-uair, níl aon sráid i mBaile Átha Cliath a mbaineann an téarma sin léi. Téarma aisteach eile is ea “bailtín” (.i. baile beag) i gcomhair villa, ach níor éirigh liom rogha níos fearr a fháil. Úsáidim “cosán” de rogha ar “siúlán” i gcomhair walk (agus walkway), ar an ábhar nach gá focail nua a chumadh nuair atá gnáthfhocail Ghaeilge ar fáil dúinn cheana.

Ainmneacha agus sloinnte. (1) Ainm agus sloinne araon: fágaim iad mar a d’úsáid an duine féin iad (m.sh. Bóthar John Field, Plás Willie Bermingham). (2) An sloinne amháin (nó sloinne agus teideal): (a) sloinnte Gaelacha: úsáidim an ghnáth­fhoirm Ghaeilge (leasaithe de réir an Chaighdeáin Oifigiúil más gá); (b) sloinnte Gallda: má oireann sé don duine ar leith úsáidim an fhoirm thraidisiúnta Ghaelaithe—​an fhoirm ainm­fhoclach go háirithe—​más ann di (leasaithe de réir an Chaighdeáin Oifigiúil más gá); i ngach cás eile fágaim é mar atá.

Ainmneacha naoimh. Cuirim “San” roimh ainm naomh ar leith nó fágaim lom é de réir ghnás phobal na Gaeilge. Fágtar lom de ghnáth ainmneacha naoimh Bhíobalta agus ainmneacha naoimh Éireannacha den Ré Luath-Chríostaí (m.sh. Bóthar Mhuire, Sráid Chaoimhín), agus cuirtear “San” roimh ainmneacha eile, go háirithe iad siúd a ndearna an Eaglais Chríostaí canónú orthu (m.sh. Sráid San Nioclás, Lána San Caitríona); ach tá go leor eisceachtaí ann.

Logainmneacha iasachta. Aon áit a bhfuil easainm sean­bhunaithe Gaeilge ann (m.sh. Eabhrac [York]), glacaim leis. I ngach cás eile—​is é sin nuair nach bhfuil ann ach rogha idir eas­ainm Béarla agus an t-ainm sa teanga dhúchais (m.sh. Pembroke [Penfro], Tuscany [Toscana])—​is é an t-ainm dúchais a úsáidim.

Ainmneacha dílse i nGaeilge na hAlban. Cloím leis an litriú údarach ach bainim úsáid sa chomh­théacs seo as an agúid (´) seachas as an ngraif (`) mar shíneadh fada.

Ainmneacha nach féidir a aistriú. Tugadh ainmneacha meonúla ar roinnt mhaith sráideanna nua (m.sh. Ayrfield, Seabury). Mura bhfuil a fhios agam cad is bunús nó brí le hainm dá leithéid sin (agus níl aon bhunús ná brí le cuid acu) is é an beartas atá agam an t-ainm sin a fhágáil mar atá.

Ainmneacha tithe. Is fiú aird a thabhairt ar na hainmneacha a thug na mion­uaisle agus an mheán­aicme ar a dtithe móra, go háirithe san ochtú agus sa naoú haois déag (tithe a leagadh, den chuid is mó, nuair a tógadh eastáit tithíochta). (1) Baineadh úsáid as tacar de mhíreanna Fraincise—​Beau, BelleBel (álainn), ChampCamp (páirc), Mer (an mhuir), Mont (cnocán), Ville (baile), Vue (radharc)—​mar aon le Field, Mount, Park, Vale, View agus míreanna eile Béarla, chun ainmneacha galánta a chruthú, leithéidí Beaumont, Belcamp, Bellevue, Merville. Nuair is eol dúinn gur ainmníodh bóthar as teach, más ainm tuairisciúil é ainm an tí déanaim iarracht de ghnáth ar é a aistriú (m.sh. Bayview—​Radharc an Chuain, Millbourne—​Glaise an Mhuilinn); i ngach cás eile fágaim an t-ainm sin mar atá. (2) Uaireanta eile baineadh úsáid as an sloinne, nó giota de, mar shampla Warrenmount, Delville [Delaney], nó as ainm bhean nó iníon an úinéara, mar shampla Bettyglen, Ellenfield, Maywood. (Nós eile a bhí ann ná teach a ainmniú as an áit inar chaith an t-úinéir mí na meala, nó áit eile ar chaith sé seal ann.) Nuair is eol dúinn gur ainmníodh bóthar as teach a raibh ainm dá leithéid sin air, fágaim an t-ainm sin mar atá.

Ainmneacha long. Ainmníodh grúpa sráideanna sa Rinn as longa Éireannacha a d’fhulaing ionsaithe ó chabhlach nó aer­fhórsa na Gearmáine le linn an Dara Cogadh Domhanda agus a cuireadh go tóin poill den chuid is mó: Bremen Road srl. (as an City of Bremen), Clonlara Road, Cymric Road, Isolda Road, Kyleclare Road, Leukos Road, agus Pine Road (as an Irish Pine); ainmníodh sráid eile, Kerlogue Road, as long a rinne gníomh daonnachtúil sa tréimhse sin. Is é “Bóthar an Cymric” srl. atá agamsa, i gcontrárthacht le “Bóthar Cymric” srl. sa liosta oifigiúil, nach léiríonn gurbh as ainmneacha long a ainmníodh na sráideanna sin.

Ainmneacha cáilithe. Tá taithí fhada ag an bpobal ar ainmneacha cáilithe ar nós “Sráid Uí Chonaill Íochtarach,” cé go n-oirfeadh “Sráid Íochtarach Uí Chonaill” níos fearr do chomh­réir na Gaeilge. (Dála an scéil, ciallaíonn íochtarach níos cóngaraí do lár na cathrach agus uachtarach níos faide uaidh—nó b’fhéidir níos cóngaraí do bhéal na Life nó a mhalairt.) Cad ba chóir a dhéanamh le cáilitheoirí eile? Tá cuma an-aisteach ar “Sráid Bhríde Nua,” “Sráid na Breataine Bheag,” agus “Sráid Sheoirse Mhór Theas,” atá sa liosta oifigiúil. Is é an beartas atá curtha i bhfeidhm sa liosta seo ná na cáilitheoirí Uachtarach, Láir, Íochtarach, Thuaidh, Theas, Thoir agus Thiar a chur ag deireadh an ainm, mar is gnách, ach aon cháilitheoir eile ar aidiacht é a chur i ndiaidh an téarma aicmigh (Sráid Nua Bhríde, Sráid Bheag na Breataine, Sráid Mhór San Seoirse Theas). Tá roinnt ainmneacha ann a ngabhann cáilitheoir leo nach bhfuil gá leis (toisc go bhfuil sráid eile ath­ainmnithe nó caillte ar fad) ach a úsáidtear fós sa chruth sin, mar shampla Denmark Street (Great). Cuirim na cáilitheoirí sin idir lúibíní.

Buíochas

Táim buíoch de na daoine seo a leanas, a sholáthair eolas, a cheartaigh botúin, nó a phléigh pointí éagsúla liom: Breandán Dalton, Paul Kenny, Dennis King, an Dr Kristoffer Kruken (Ollscoil Oslo), Ian Livingstone, Trish Loughman, Seosamh Mac Ionnrachtaigh, Colm Moore, an Dr Vincent Morley, Ciarán Ó Bréartúin, Colm Ó Brógáin, an Dr Caoimhín Ó Donnaíle (Sabhal Mòr Ostaig, an t-Eilean Sgitheanach), agus Pól Ó Duibhir. Táim buíoch go speisialta den Dr N. J. A. Williams (Oll­scoil na hÉireann, Baile Átha Cliath), a chuir liostaí ainmneacha chugam agus eolas ar fhoinsí tábhachtacha.

Agus cathracha eile?

Tá tionscadal curtha ar bun faoin Northern Ireland Place-Name Project le hainmneacha sráide i mBéal Feirste (agus i mbailte eile an Tuaiscirt) a aistriú go Gaeilge agus a fhoilsiú. I dtaca le Corcaigh tá liosta le fáil anois ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Cathrach Chorcaí; chomh maith leis sin tá Coiste Log­ainmneacha Chorcaí ann (logainmneacha@gmail.com). Maidir le Luimneach tá liosta oifigiúil ann agus é ar fáil i leabhar an-deas, Limerick City Street Names le Gerry Joyce (Luimneach: Comhairle Cathrach Luimnigh, 1995), ina bhfuil cur síos ar na príomh­shráideanna agus a stair. I nDoire tá eolas le fáil ó Dhoire le Dúchas, 37 Mór­shráid Shéamais. Maidir le Port LáirgeInnéacs Sráide agus Bailte Fearainn (Béarla–Gaeilge agus Gaeilge–Béarla), a foilsíodh sa bhliain 1999, le fáil ón gcomhairle cathrach; chomh maith leis sin tá Coiste Log­ainmneacha Phort Láirge ann (kimber@gofree.indigo.ie). I nGaillimh tá Coiste Log­ainmneacha ag feidhmiú faoin tionscadal Gaillimh le Gaeilge.


Ceartuithe agus moltaí chuig sob@iol.ie


00