Villa

Teach mór faoin tuath nár phríomh­theach cónaithe an úinéara é ba ea villa, ansin “a country house for the residence of opulent persons,” mar a deir Joseph Gwilt ina Encyclopaedia of Architecture (1842).
     “Vile” (mar aon le “teach fo­bhaile”) atá ag de Bhaldraithe ar villa, ach ní aithníonn foclóir Uí Dhónaill an téarma sin. “Teach mór” atá ag an gCoiste Téarmaíochta, agus “villa saoire” ag Rannóg an Aistriúcháin i gcomhair holiday villa.
     In ainneoin phríomh­bhríonna an fhocail, is ar thithe beaga i sraitheanna a tugadh “villa” den chuid is mó i mBaile Átha Cliath. Ní oireann ceann ar bith de na téarmaí thuas do na tithe sin, agus níorbh fholáir dom glacadh le “bailtín,” mar a mholann an Coimisiún Logainmneacha.